Ciorcal Comhrá do Dhaltaí na hIdirbhliana

Bhí an chéad chiorcal comhrá ag daltaí na hidirbhliana ag am lóin inniu. D’fhreastail beagnach leath den bhliain air. Bhí go leor comhráite deasa acu as Gaeilge. Beidh an chéad cheann eile tar éis an mheántéarma.