Comhghairdeas d’Aisling Dolan, Bliain a Sé, Caoimhe Gaughan, Lucy Bolger, Bliain a Cúig a léirigh a gcuid scileanna díospóireachta anocht ag Coláiste Alexandra i mBaile an Mhuileann. Bhí gach éinne ann a thacaigh iad an-bhródúil as an sár-Ghaeilge agus argóintí láidre a bhí acu le linn na hócáide. An ráiteas a bhí ann ná ‘ba cheart do mhuintir na hÉireann a gcuid táillí uisce a íoc’. Agus fiú nár éirigh leo sa bhabhta seo i mbliana rinneadar an gaisce. Maith sibh a chailíní cróga! Buíochas chomh maith le Sorcha agus Deirbhille Gannon a chuaigh in éineacht leo agus a múinteoirí Ms Cagney agus Ms Gilligan. Beidh lá eile ag an bPaorach ár ndóigh!