Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta a rinne gaisce aréir i bPáirc Sandford. Phléigh Aisling Leavy, Aisling O’Leary agus Ellen Mullarkey ó Bhliain a Sé i gcoinne an rúin ‘tá an Rialtas beag beann ar fhadhbanna na ndaoine bochta’. Labhair Madeline Chivers, Olivia Moore agus Orlaith Barry ó Bhliain a Trí i bhfábhar an rúin ‘ba chóir gach gairdín ainmhithe nó zú a dhúnadh’. Bhí caighdeán den scoth ar an oíche agus cé nár éirigh le muintir Beaufort an uair seo moladh iad dá gcuid argóintí agus líofacht na Gaeilge ag deireadh na díospóireachta. Maith sibh a chailíní! Táimid an-bhródúil as bhur n-iarrachtaí.