Díospóireachtaí Gael Linn

Beidh muintir Beaufort ag díospóireacht amárach i scoil Naomh Raphael i Stigh Lorcáin sa chomórtas Gael Linn. Beidh dhá fhoireann ag dul ó Beaufort – roinn na sóisear agus roinn na sinsear. Beidh roinn na sóisear i gcoinne an rúin ‘go dtuilleann imreoirí sacair a gcuid airgid’ agus beidh roinn na sinsear i bhfábhar an rúin ‘is féidir linne ár muinín a chur sa chéad ghlúin eile’. Go n-éirí leis na cainteoirí ar fad!

20131022-153152.jpg