Díospóireachtaí Gael Linn

Maith sibh do na foirne díospóireachta a rinne éacht ollmhór anocht ag díospóireachtaí Gael Linn. D’fhág na cailíní ó Beaufort ( Maria Graham, Lucy Bolger, Caoimhe Gaughan – Bliain a Trí, Aisling O’Leary, Ellen Mullarkey, Ann Devitt – Bliain a Cúig) a rian ar a gcéad iarracht agus táimid an-bhródúil asaibh. Mhol muintir Gael Linn iarrachtaí na gcailíní go háirithe a gcaighdeán Gaeilge, a gcur i láthair agus an greann a d’úsáid siad go héifeachtach. Bhaineamar an-taitneamh as an oíche agus sinn ag súil leis an mbliain seo chugainn nuair a bheidh ‘lá eile ag an bPaorach!’ Gabhaimid ár bhfíor-bhuíochas leis an lucht tacaíochta ( Suzanne Kennedy, Deirbhille Gannon, Sorcha Gannon, Niamh Lyons, Abbie Soon agus Lisa Hayes) agus tuismitheoirí a tháinig chomh maith 🙂 20131023-232205.jpg20131023-232225.jpg20131023-232235.jpg20131023-232307.jpg20131023-232315.jpg20131023-232327.jpg20131023-232339.jpg20131023-232347.jpg20131023-232356.jpg20131023-232403.jpg

20131023-232430.jpg