An Triail

Chuaigh 70 dalta ó Bhliain a  Sé agus a múinteoirí Gaeilge Ms O’Toole, Ms Cullinane agus Ms Cagney go dtí Amharclann an Axis inniu chun an dráma ‘An Triail’ le Mairéad Ní Ghráda a fhéiceáil. Tá an dráma iontach drámatúil seo ar an gcúrsa Ardléibhéil sa Ghaeilge agus tá na cailíní i mbun staidéir air faoi láthair. Is tragóid é atá bunaithe ar chailín shingil a éiríonn torrach i rith na seascaoidí. Tá téamaí conspóideacha agus an-réadúil faoi chabidil ann. Bhí an t-ádh dearg linn é a fhéiceáil ar an stáiste agus bhaineamar an-taitneamh as.